Tuarascáil Speisialta 69 – Neamhláithreacht Tinnis sa Státseirbhís a Bhainistiú
Foilsithe 22 Deireadh Fómhair 2009
Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar bhainistiú neamhláithreachta breoiteachta sa Státseirbhís. Tugadh aghaidh sa scrúdú seo ar scála na neamhláithreacht breoiteachta i rannóga na Státseirbhíse, cineál na neamhláithreachta seo, agus an dáileadh i measc na foirne. Ríomhadh tionchar airgeadais na neamhláithreachta breoiteachta ar ranna. Rinneadh athbhreithniú ann ar na socruithe atá ar bun ag ranna chun bainistiú, monatóireacht agus rialú a dhéanamh ar neamhláithreacht mar thoradh ar bhreoiteacht. Féachadh chomh maith ar an méid a glacadh le bearta agus tionscnaimh chun leas agus folláine agus freastal a chur chun cinn.